← Deirtear gurb é an fáth atá an t-ainm sin ar an áit ná go raibh go leor raithní ag fás ann, ach níl ann ach scéal mar is í seo an chaoi a bhfuair sé an t-ainm. 🔊
← Chuir Goll Mac Morna geall lé Raithnigh go maródh sé an bhean feasa. 🔊
← Ní raibh sé i bhfad istigh núair a theith sé, mar go raibh rudaí draíochta ar gach taobh de. 🔊
← Chuir seo fearg mhór ar Gholl, agus bhain sé an ceann de Raithnigh ar an toirt. 🔊
← Chuir sé deoch uisce isteach i mbéal gach duine, agus d'éiríodar go léir ina sheasamh. 🔊
← Lean na Fianna Goll Mach Morna, ach chuaigh sé amach ar oileán sa bfharraige in eineacht lena bhean chéile. 🔊
← Ba é sin go gcaithfeadh sé an fharraige a choinnéal amach tré bheith ag caitheamh clocha léi, agus go mbainfidh an cloigeann de más rud é nach raibh sé in ann an ghaisce a dhéanamh. 🔊
← Rinne Conán an gníomh agus tugtar "Trá Chonáin" ar an áit a raibh sé ag caitheamh clocha in aghaidh na farraige. 🔊